Lyrics
Mo mhíle slán leat, a Éire bhocht nar dheas é an tEarrach fhéin
Níl an chaint ar obair bhossanaí ná rud ar bith mar é
Ó seal ag baint na feamainne, ag cur fhataí is ag baint fhéir
Níl fear ar bith dhá bhoichte acu nach raibh feilm aige dhó féin
Ó tá caitheamh is cáin ar Éire bhocht a cheapfainn féin n ár chóir
Tá an fear ag baint na bhfataí ann, tá an bhean ag bleáint na bó
Ní hé sin féin do Mheiriceá, déan obair nó lig dhó
Ach má shaothraíonn bean an dollar ann, tá an fear amuigh dhá ól
Muise, an cuimhneach libh a dheartháireachaí, lá ar fhága mé an Trá Bháin
Ní bhfuair mé an té a chuir an chomhairle orm, ná a dúirt liom fanacht ann
Níl deartháir agam, níl deirfúir agam is níl mo mháthair beo
Ach m'athair atá lag lúbach, a Dhia cé'n t-ionadh dhó
Muise, báthadh Tom is Peadar orm, bhí uaigneas agam ina ndiaidh
Ó, Micil Bán ba mheasa liom, dá ndeachaigh thrím ariamh
Ó, deartháir eile a raibh Máirtín air, a báthadh fadó riamh
Ach scéal cráite an toinn bháite, is í d'fhága mé ina ndiadh
Ach d'fhága siad an caladh amach ar maidin leas an lá
Is pébí súile a chonaic iad, níor bheannaigh siad a n-ádh
Bhí an tae, tobac is siúicre acu, tháinig sé don Trá Bháin
Tháinig na curachaí ar an duirling, is na maidí ar an trá
Fiachna Braonain
BARDIS MUSIC, USA ATTN: PETER BARDON, O/B/O DistroKid